Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Johnny Willie a bhí maith ag cumadh, bhí suim aige in léamh, litríocht agus ceol. Comharsa Chathail a bhí ann, bhí sé ina chónaí suas ó theach Chathail agus fear iontach cliste a bhí in Johnny agus bhíodh se ag airneáin i dtigh Chathail, fríd na feirmeacha a thagadh siad nuair a bhíodh siad ag dul ó theach go teach.
Tá Cill Ráin agus An Garbhán ar thaobh Chnoc na hAdhmaide agus tá titim síos leis an talamh. Bhí teaghlach Chathail ag baint mhóna ar thalamh Johnny Willie, ní raibh portach ar bith acu féin agus ghlacadh siad bachta ó chomharsa agus bhéarfadh siadsan lá oibre ar ais do na comharsan. | 00:02:24 | |
Seanchais an dáin a tháinig ó bhunadh Chathail, fuarthas ó Johnny Willie ansin é, Deilín na mBacach. | 00:01:44 | |
An dán Deilín na mBacach. | 00:03:58 | |
Johnny Willie agus chomh maith agus a bhí sé ag cumadh, san am sin théadh siad thart ar na tithe agus bhí dánta a chumadh acu ag brath ar an fháilte agus mar sin a fuair siad sna tithe. | 00:04:17 | |
Dán eile ó Johnny Willie – Mo Phíopa Gairid Donn. | 00:04:17 | |
Seanchas Easpaig Shéamuis Ó hAnnagáin, ba é an chéad pháiste a baisteadh i dteach phobal Ghleann Fhinne. Oirníodh é mar shagart in 1954 do dheoise Menevia sa Bhreatain Bheag, cuireadh an ord bheannaithe air i nGleann Fhinne. Bliain Mhuire a bhí ann in 1954 agus scríobh Liam Mac Meanman dán ag cur síos ar an lá sin, “Ungadh Lámh” teideal an dáin. An dán a rá ag Cathal. | 00:07:56 | |